Roghanna Seisiúin agus Clárú - Earrach 2021
Tchí thíos le heolas a fháil ó thaobh seisiúin, praghasanna, agus clárú de.
Seisiún Comhrá Ardbhunleibhéal - Earrach 2021
Lá/Am: Dé Luain, 8-9 IN EST Dátaí: 15 Márta - 12 Aibreáin 2021 Praghas: $50 Teorainn Rannpháirtithe: 7 Trealamh Riachtanach:
Cur síos: Tá an seisiún seo a mhaireann 5 seachtaine dírithe do dhaoine a bhfuil píosa beag Gaeilge acu agus a bhfuil bunús na teanga maith acu. Ba cheart go bhfuil na rannpháirtithe seo ábalta abairtí simplí a rá agus freagraí dearfacha agus diúltacha a thabhairt do cheisteanna, fosta. |
Seisiún Comhrá Ardleibhéal - Earrach 2021
Lá/Am: Déardaoin, 8:00 - 9:00 IN EST Dátaí: 18 Márta - 15 Aibreáin 2021 Praghas: $50 Teorainn Rannpháirtithe: 7 Trealamh Riachtanach:
Cur síos: Tá an grúpa comhrá ardleibhéal seo 5 seachtaine i bhfad, agus is é aidhm an seisiúin ná deis a thabhairt do chainteoirí líofa/cumasacha uair an chloig tumoideachais a fháil sa Ghaeilge le cainteoirí eile. Pléifear toipicí ar nós an nuachtáin, cúrsaí litríochta, cúrsaí staire, agus ábhair eile a bhfuil suim ag na rannpháirtithe ann. Tá tuigbheáil ann go mbeidh an Ghaeilge á labhairt an t-am ar fad, gan Béarla más féidir, i rith na huaire. Beidh muid ag cloí leis na hábhair atá roghnaithe againn agus/nó thig linn dul ar aghaigh le comhrá níos solúbtha, ag brath ar mhianta na gcainteoirí. |