Cé Muid
Is lánúin iad Seanachán Ó Cinnéide agus Amanda Bernhard, bunaitheoirí Comhrá le Chéile. Casadh ar a chéile siad i 2003, i dteach tábhairne... rud atá saoithiúil, os rud é nach n-olann ceachtar acu! Bhí an bheirt acu ansin don seisiún ceoil thraidisiúnta (is ceoltóirí an bheirt acu), agus i rith na mblianta, roinn siad grá ar an cheol agus ar an teanga Ghaelach. Leoga, thosaigh siad ag siúl amach le chéile agus iad ag freastal ar na ranganna Gaeilge! Sa bhliain 2012, d'fhreastail an bheirt acu ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (sa lá atá inniu ann, "Ollscoil na Gaillimhe) fá choinne iarchéime i Nua-Ghaeilge. Le chéile, ba mhaith leo leanúint ar aghaidh lena gcuid Gaeilge féin a fheabhsú, agus tacaíocht/acmhainní a thabhairt ar ais do phobal na Gaeilge sna Stáit Aontaithe, in Éirinn, agus thart fán domhan a thug tacaíocht dóibh chun a mbrionglóid a bhaint amach.
Tá fáilte romhat dul i dteagmháil linn fríd an seoladh ríomphoist seo: [email protected].
Tá fáilte romhat dul i dteagmháil linn fríd an seoladh ríomphoist seo: [email protected].