Tá éagsúlacht i dteanga ar bith ar fud an domhain. Sa Ghaeilge ach go háirithe, tá trí phríomhchanúint: Gaeilge na Mumhan sa deisceart, Gaeilge Chonnacht san iarthar, agus Gaeilge Uladh san iar-thuaisceart. Agus bíonn fó-chanúintí le fáil taobh istigh de na canúintí seo, le focail agus frasaí á bhfáil ar iasacht ag cainteoirí ar fud na tíre. Is léir, dá thairbhe sin, go mbíonn na teoranta teangeolaíochta measartha solúbtha.
Moltar go forleathan go roghnaítear canúint amháin más ag foghlaim na Gaeilge atá tú, chun bheith eolasach agus cumasach i gcóras foghraíochta amháin. Tá sé chomh tábhachtach céanna, áfach, dul i dtaithí ar na canúintí uilig, le bheith in ann, le linn ama, achan chanúint labhartha na Gaeilge a thuiscint go maith. Sin fáth amháin a bhfuil taithí le cainteoirí éagsúla eile chomh tábhachtach sin, go bhfaigheann an té taithí leathan sa teanga.
Labhraíonn muidne Gaeilge Uladh, ach bhí an t-ádh orainn go raibh múinteoirí againn a raibh canúintí na Gaeilge acu ó na trí phríomcheantar seo. Fuair muid taithí mhaith in Éirinn ag éisteacht agus ag labhairt le daoine ar fud na tíre. Dá bharr sin, bíonn fáilte roimh chainteoir ar bith, beag beann ar an chanúint atá aige/aici, go Comhrá le Chéile. Spreagann muid daoine teacht chuig comhráite s'againne le cluasa agus intinní oscáilte, ionas go bhfuil muid uilig ábalta an mhéid is féidir a fhoghlaim óna chéile.