Comhrá le Chéile
Déan teagmháil linn!
  • Baile
  • English Version
  • Cé Muid
  • Cad Chuige Comhrá?
  • Roghanna Seisiúin & Clárú
  • Na Canúintí
  • Acmhainní

Fáilte Romhat go Comhrá le Chéile!

Picture
Tá fáilte is fiche romhat go Comhrá le Chéile. Tá sé mar phríomhaidhm againn leis an suíomh seo cainteoirí na Gaeilge a tharraingt le chéile, in áit ina mbeidh siad ábalta a gcuid Gaeilge a chleachtadh le cainteoirí eile. Mura bhfuil an Ghaeilge agat, ná bí buartha mar thig linn an teanga a theagasc duit fosta! 

Tuigeann muid go bhfuil sé doiligh do chainteoirí nach gcónaíonn in aice le cainteoirí eile seans a fháil leis an teanga a chleachtadh os ard - agus gurb í sin an ghné is tábhachtaí de bheith ag foghlaim aon teanga! Ba mhaith linn an seans sin a thabhairt do thosaitheoirí atá ag foghlaim na teanga thar lear, d'fhoghlaimeoirí a bheadh ag iarraidh snas a chur ar a gcuid scileann labhartha, agus do chainteoirí líofa atá ag iarraidh bualadh le cianteoirí eile thart fán domhan. Tá súil againn go mbainfidh tú sult as na 'huaireanta caife' a bhíonn againn go rialta, as na hacmhainní d'fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí Gaeilge, agus as an phobal Gaeilge idirlín seo!


Proudly powered by Weebly