Cad Chuige Comhrá? / Why Conversation?
Is minic a bhíonn an bhéim ar an scríbhneoireacht agus ar léitheoireacht nuair a fhoghlaimíonn muid teangacha, go háirithe nuair is daoine fásta muid, agus muid ag foghlaim teanga ar scoil. Cad é mar is féidir le foghlaimeoirí a bheith ábalta páirt a ghlacadh i gcomhrá le daoine eile, nó teanga a úsáid san áit oibre, nó cibé rud atá de dhíth orthu, gan labhairt na teanga a chleachtadh?
Sin an fáth a bhfuil áit mar seo tábhachtach! Tugann Comhrá le Chéile seans d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa araon a gcuid Gaeilge a chleachtadh, os ard agus beo, le cainteoirí eile, cibé áit ina bhfuil siad sa domhan. Leis an teicneolaíocht atá ar fáil sa lá atá inniu ann, níl leithscéal ar bith againn gan an Ghaeilge a úsáid mar is cuí – is é sin le rá, í a labhairt le daoine eile.
Cad chuige ar chóir duit leas a bhaint as an suíomh seo? Beidh na rudaí uilig a leanas ar fáil duit anseo amháin:
5. An Chraic!

- Comhráite rialta le cainteoirí Gaeilge eile
- Stiúrthóireacht agus teagasc ó chainteoirí líofa sna seisiúin comhrá
- Teagmháil rialta le foghlaimeoirí díograiseacha eile
- Teacht ar achmhainní, san áireamh:
- Bileoga a thugann moltaí agus frasaí cuidiúla fá choinne comhrá
- Clár plé le cainteoirí eile
- Liosta cuimsitheach d’acmhainní a úsáideann cainteoirí Gaeilge ar fud an domhain
5. An Chraic!